Cúinne na Gaeilge
A chairde ,
Beidh Cúinne na Gaeilge á eagrú ag CLG na Mumhan roimh an gcluiche idir Luimneach agus Corcaigh Dé Domhnaigh seo chugainn ag TUS Páirc na nGael.
Beidh Cúinne na Gaeilge lonnaithe ag an gcúinne idir an t-Ardán Thuaidh agus na Céimeanna ag ceann an Chláir ó a dó a chlog ar aghaidh. Tá fáilte is fiche romhaibh bualadh isteach chugainn i gcomhair dreas cainte. Ina theannta sin, beidh eolas agus ábhair as Gaeilge ar fáil saor in aisce ag an seastán – ina measc – comharthaí dátheangacha do chlubanna, féiríní éagsúla do dhaoine óga agus greamáin do lucht tacaíochta Luimnigh agus Chorcaí araon. Bígí linn -beidh fáilte romhaibh!
A chairde,
Munster GAA are organising a stand – Cúinne na Gaeilge - before next Sunday’s game between Limerick and Cork at Tus Páirc na nGael.
Cúinne na Gaeilge will be located between the North Stand and the Clare End Terrace from 2pm onwards. All are welcome to call in to say hello or try out your cúpla focal. We will be giving out some free Irish language promotional materials – including bilingual signage for clubs, some tokens for páistí and stickers for supporters of both proud hurling counties.
Bígí linn – we look forward to meeting you.
Aedín Ní Bhriain
Oifigeach Forbartha Gaeilge
CLG na Mumhan